Malahide Portmarnock Educate Together Secondary School

Seachtain na Gaeilge

31-March-23
Seachtain na Gaeilge

Bhí ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge ar siúl sa scoil thar an 13ú - 15ú Márta. Is ócáid bliantiúil é seo ar fud na tíre agus i mbliana bhí a lán imeachtaí ar siúl againn. Ar an Luain, shuigh gach dalta síos sa halla chun féachaint ar scannán as Gaeilge 'an Saothraí' de chuid Cartoon Saloon agus a chuireadh ar ghearrlíosta Gradam Oscar sa bhliain 2018. Ansin, ar an Máirt, bhain an chéad bhliain agus an dara bhliain sult as comórtais bingo agus tráth na gceist i rith an lae.

Míle buíochas leis an Idirbhliain a bhí i gceannas ar an gcomórtas bingo agus a rinne sár-jab de. An lá ina dhiadh, ar an gCéadaoin, bhí comórtas puc fada ar siúl agus chríochnaigh an lá le céilí mór don chéad bhliain ar fad. Bhí seans ag gach duine cuir isteach ar an gcomórtas postaer agus ar an gcomórtas ticéad órga chomh maith le héide glasa a chaitheamh ar an Máirt agus geansaithe spóirt a chaitheamh ar an gCéadaoin. Ceiliúradh den scoth a bhí ann agus gabhaimid buíochas le gach héinne a ghlac páirt ann.

May 25
2023
Summer Assessments
Jun 02
2023
End of term
Jun 07
2023
State Exams begin
Jun 07
2023
Junior Certificate Exams
Swords Enterprise Centre, Feltrim Road, Drinan, Swords.
01 963 1299
Enquire
Location
© 2023 Malahide Portmarnock Educate Together Secondary School